As Gaeilge – Feighlithe Leanaí
Feighlithe Leanaí
Tionscnamh Náisiúnta Feighlíocht Leanaí agus Treoirlínte
Tugann an Tionscnamh Náisiúnta Cúraim Leanaí tacaíocht do fheighlithe leanaí agus do dhaoine a bhfuil spéis acu a bheith ina bhfeighlithe leanaí. Riartar ar bhonn áitiúil é ag na Coistí Cúraim Leanaí Cathrach agus Contae. (CCL) Is é an chéad chéim i dtreo bheith i do fheighlí leanaí ná teagmháil a dhéanamh le do Choiste Cúraim Leanaí Cathrach nó Contae áitiúil d’fhonn áis a bhaint as a gClár Léachtaí Feasachta Cáilíochta a fháil. Nuair a chríochnaíonn siad an clár seo, is féidir le feighlithe leanaí deontas caipitil suas le €630 a fháil faoin Scéim Deontas um Fhorbairt Feighlithe Leanaí. Is féidir é seo a úsáid d’fhonn trealamh sábháilteachta, bréagáin a cheannach nó chun mionathruithe a dhéanamh ar teach an fheighlí leanaí chun an tseirbhís feighlí leanaí a fheabhsú nó a bhunú.
Cabhróidh na Treoirlínte Náisiúnta d’Fheighlithe Leanaí, a sheol Oifig an Aire do Leanaí le déanaí, le feighlithe leanaí trí treoir a sholáthar le haghaidh dea-chleachtas sa réimse seo. Tá sonraí iontu maidir le:
• treoirlínte a aontaíodh go náisiúnta do dhea-chleachtas cúraim leanaí;
• eolas sainiúil faoi Fógairt Reachtúil do Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus Fógairt Dheonach;
• seirbhísí a sholáthraíonn na Coistí Cúraim Leanaí Cathrach/Contae, na hOifigigh Comhairliúcháin Feighlithe Leanaí agus Childminding Ireland do fheighlithe leanaí;
• sonraí teagmhála na heagraíochtaí ábhartha, lena n-áirítear seoltaí agus uimhreacha gutháin.
Íoslódáil cóip de na Treoirlínte Náisiúnta d’Fheighlithe Leanaí
Faoiseamh na Seirbhísí Cúraim Leanaí (Díolúine cánach na bhfeighlithe leanaí)
D’fhéadfadh go mbeadh feighlithe leanaí a thugann aire do 3 leanbh nó níos lú faoi aois a 18 i dteideal leas a bhaint as Faoiseamh do Sheirbhísí Cúraim Leanaí ó na Coimisinéirí Ioncaim, mura dtagann a n-ioncam cúraim leanaí bhliantúil chuig níos mó ná €15,000.
D’fhonn iarratas a dhéanamh ar Fhaoiseamh na Seirbhísí Cúraim Leanaí, tá sé de dhualgas ar fheighlithe leanaí tuairisceán cánach bliantúil dá n-ioncam cúraim leanaí a dhéanamh do na Coimisinéirí Ioncaim agus chomh maith leis sin ní mór dóibh fianaise a sholáthar gur chuir siad a gCoiste Cúraim Leanaí Cathrach nó Contae áitiúil ar an eolas go bhfuil seirbhís chúraim leanaí á sholáthar acu tríd an Oifigeach Comhairliúcháin Chúraim Leanaí.
Tá sonraí breise ar fáil sna Treoirlínte Náisiúnta d’Fheighlithe Leanaí.